Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to
experience the DLF website perfectly.

CFD d’Iar-bhunscoileanna

Roghnaigh an rogha thíos

1. Torthaí D’Fhoghlaimeoirí

1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Úsáideann na daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú le torthaí foghlama cuí a bhaint amach.

Úsáideann na daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus chun dul chun cinn a thaifeadadh.

Úsáideann na daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú le torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

Úsáideann na daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú, chun dul chun cinn a thaifeadadh, chun measúnú agus machnamh a dhéanamh, agus chun réitigh agus/nó táirgí nua a chruthú.

Resources

1.2 Bíonn an t-eolas, na scileanna agus na meonta riachtanacha ag daltaí chun iad féin agus a gcuid caidreamh a thuiscint

Bíonn dearcadh dearfach ag daltaí i leith úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus tuigeann siad na rioscaí agus na teorainneacha féideartha a bhaineann leo.

Tuigeann daltaí na rioscaí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith i dtimpeallachtaí digiteacha.

Bíonn dearcadh dearfach ag daltaí i leith úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, tuigeann siad na rioscaí agus na teorainneacha féideartha a bhaineann leo, agus tá an mhuinín agus na scileanna acu tairbhí a bhaint as na teicneolaíochtaí sin.

Bíonn muinín ag daltaí a gcéannacht dhigiteach a chosaint agus a lorg digiteach a bhainistiú.

Resources

1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na hiar-bhunscoile

Bíonn ar chumas daltaí úsáid a bhaint as raon teicneolaíochtaí digiteacha chun an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a léiriú faoi mar atá riachtanach de réir an tsiollabais, na sonraíochta nó an chúrsa ábhartha.

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha go héifeachtach chun a n-eolas a fhorbairt, agus inniúlacht a bhaint amach ina scileanna agus ina dtuiscint de réir na gcuspóirí, na scileanna agus na gcoincheap sa siollabas, sa tsonraíocht nó sa chúrsa ábhartha.

Leanann daltaí, i gcomhar lena múinteoir agus/nó lena dtuismitheoirí, a riachtanais agus a roghanna foghlama féin le cabhair teicneolaíochtaí digiteacha cuí.

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealach an-éifeachtach chun a n-eolas a fhorbairt, agus inniúlacht a bhaint amach ina scileanna agus ina dtuiscint de réir na gcuspóirí, na scileanna agus na gcoincheap sa siollabas, sa tsonraíocht nó sa chúrsa ábhartha.

Resources

1.4 Éiríonn le daltaí na torthaí foghlama sonraithe a bhaint amach le haghaidh gach ábhair, cúrsa agus cláir

Tugtar aiseolas pearsanta agus tacaíocht idirdhealaitheach do dhaltaí bunaithe ar fhianaise a bhailítear le raon modhanna lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha.

Baineann daltaí agus/nó tuismitheoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun rochtain a fháil ar fheidhmíocht na bhfoghlaimeoirí ar bhealach sábháilte eiticiúil.

Baineann daltaí úsáid as fianaise a bhailítear le raon modhanna lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha chun an dul chun cinn a thaifeadadh agus chun réimsí a aithint ar gá feabhas a chur orthu, agus bíonn deiseanna ag daltaí aghaidh a thabhairt orthu sin leis an múinteoir.

Baineann daltaí agus/nó tuismitheoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun torthaí measúnuithe múnlaitheacha agus suimitheacha, féinmheasúnuithe agus piarmheasúnuithe a rochtain, a mheasúnú agus a léirmhíniú.

Resources

2. Eispéiris Foghlaimeoirí

2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú d’fhonn tuiscint a fhorbairt agus d’fhonn tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.

Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha éagsúla an chruthaithe eolais chun faisnéis a aimsiú, a mheas agus a bhainistiú agus chun machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim.

Resources

2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá idir dhúshlánach agus thacúil

Bíonn na hidirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir na daltaí agus na múinteoirí, idir mheasúil agus dhearfach agus cuidíonn siad leis an bhfolláine.

Baineann daltaí úsáid mhuiníneach as teicneolaíochtaí digiteacha chun cur lena n-eolas trí pháirt a ghlacadh i ndioscúrsa poiblí agus i rannpháirtíocht shibhialta chuí.

Bíonn na hidirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir na daltaí agus na múinteoirí, idir mheasúil agus dhúshlánach, agus tacaíonn siad le folláine gach dalta.

Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a chur in iúl, a thiomsú agus a chomhchruthú go measúil trí pháirt ghníomhach i ndioscúrsa poiblí agus i rannpháirtíocht shibhialta chuí.

2.3 Déanann daltaí machnamh ar a ndul chun cinn mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad úinéireacht áirithe ar a bhfoghlaim agus freagracht áirithe aisti

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú, a ndul chun cinn a thaifeadadh agus machnamh a dhéanamh air, agus a n-inniúlacht a fhorbairt mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha.

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun a n-inniúlacht a fhorbairt ar bhonn cruthaitheach criticiúil mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha féinstiúrtha, agus is féidir leo spriocanna pearsanta bríocha a leagan amach don fhoghlaim amach anseo.

2.4 Faigheann daltaí taithí ar dheiseanna chun na scileanna agus na meonta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt

Bíonn deiseanna ag daltaí a n-inniúlacht dhigiteach a úsáid i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua agus bíonn tuiscint atá oiriúnach dá n-aois acu ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cabhrú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Úsáideann daltaí a n-inniúlacht dhigiteach ar bhealaí nuálacha i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua, forbraíonn siad réitigh agus/nó táirgí nua ar bhealach cruthaitheach, agus samhlaíonn siad go leanfaidh siad ar aghaidh san oideachas agus san oiliúint leanúnach.

3. Cleachtas Múinteoirí Aonair

3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.

Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.

Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun deiseanna nua foghlama, teagaisc agus measúnaithe a dhearadh.

Léiríonn múinteoirí teagasc, eolas agus scileanna ardleibhéil, agus úsáideann siad teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le cruthaitheacht, nuálaíocht agus cruthú eolais na ndaltaí.

Bíonn machnamh criticiúil á dhéanamh de shíor ag múinteoirí ar réimse gníomhaíochtaí foghlama digití agus bíonn triail á baint acu as gníomhaíochtaí den sórt sin ar bhonn leanúnach, bíonn measúnú leanúnach á dhéanamh acu ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Resources

3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha go muiníneach, go heiticiúil agus go héifeachtach chun dul chun cinn na ndaltaí a bhainistiú agus a thaifeadadh agus chun monatóireacht a dhéanamh air.

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le measúnú ar an bhfoghlaim agus le measúnú chun foghlama.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun tacú leis an bhfoghlaim idirdhealaitheach, rud a chuireann ar chumas na bhfoghlaimeoirí seilbh a ghlacadh ar a riachtanais foghlama aonair.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun cabhrú le daltaí tograí agus gníomhaíochtaí a dhearadh lena gcuirtear iad ag obair ar fhadhbréiteach comhoibríoch, ar thaighde agus/nó ar chruthú ealaíonta.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun an measúnú a dhéanamh níos ábhartha agus níos trédhearcaí do dhaltaí agus do thuismitheoirí, le cur ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le tosaíochtaí foghlama amach anseo.

Dearann agus úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha éagsúla don mheasúnú ar an bhfoghlaim agus don mheasúnú chun foghlama agus déanann siad measúnú rialta ar a mbailíocht agus ar a n-iontaofacht.

3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha agus straitéisí teagaisc cuí chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta na ndaltaí a fhorbairt ar fud an churaclaim.

Déanann múinteoirí machnamh ar a straitéisí oideolaíocha, agus cuireann siad na straitéisí sin in oiriúint, agus teicneolaíochtaí digiteacha in úsáid acu chun seilbh na ndaltaí ar a gcuid foghlama féin a phearsantú agus a éascú.

Déanann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha a leabú chun forbairt, monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairt litearthachta agus uimhearthachta na ndaltaí ar bhonn leanúnach.

3.4 Freagraíonn an múinteoir do riachtanais foghlama ar leith agus déanann sé idirdhealú idir gníomhaíochtaí teagaisc agus gníomhaíochtaí foghlama de réir mar is gá.

Cabhraíonn múinteoirí le daltaí úsáid ghníomhach a bhaint as réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun dul i ngleic lena gcuid riachtanas foghlama féin

Déanann múinteoirí machnamh ar an úsáid ghníomhach a bhaineann na daltaí as réimse teicneolaíochtaí digiteacha bunaithe ar a gcuid riachtanas foghlama féin, agus cuireann siad leis an úsáid sin.

4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí

4.1 Bíonn meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil, agus bíonn siad rannpháirteach iontu sin

Bíonn múinteoirí ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil agus oibríonn siad lena gcomhghleacaithe chun cabhrú leo teicneolaíochtaí digiteacha a roghnú agus a ailíniú le straitéisí éifeachtacha teagaisc chun deiseanna foghlama a leathnú le haghaidh na ndaltaí ar fad.

Déanann múinteoirí measúnú, plé agus machnamh lena gcomhghleacaithe ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha le bheith nuálach sa chleachtas oideachais agus le feabhas a chur air.

Bíonn múinteoirí ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil, agus tugann siad treoir agus tacaíocht do chomhghleacaithe maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a roghnú agus a ailíniú le straitéisí éifeachtacha teagaisc chun deiseanna foghlama a leathnú le haghaidh na ndaltaí ar fad.

Cuireann múinteoirí athruithe i bhfeidhm go comhoibríoch ar leibhéal scoile uile le bheith nuálach sa chleachtas oideachais agus le feabhas a chur air trí raon teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc agus san fhoghlaim.

4.2 Bíonn múinteoirí ag obair le chéile chun deiseanna foghlama a cheapadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin

Bíonn múinteoirí páirteach i bpobail ghairmiúla ar líne chun cabhrú leo deiseanna foghlama a dhearadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha agus le pearsanra seachtrach d’fhonn eispéiris foghlama bhríocha a éascú do na daltaí.

Glacann múinteoirí páirt i bpobail ghairmiúla ar líne chun cabhrú leo deiseanna foghlama a dhearadh, a mheasúnú agus a mhionathrú ar bhonn leanúnach do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha agus le pearsanra seachtrach d’fhonn eispéiris foghlama bhríocha idirdhisciplíneacha a éascú do na daltaí.

4.3 Déanann múinteoirí cleachtais chomhsheasmhacha iontaofa don mheasúnú múnlaitheach agus don mheasúnú suimitheach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile

Forbraíonn múinteoirí úsáid eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha chun sonraí ábhartha ar fhoghlaim na ndaltaí a bhailiú, a chomhroinnt agus a léirmhíniú le comhghleacaithe, agus cuireann siad an úsáid eiticiúil sin i bhfeidhm.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun réimse de chleachtais dhílse chuí a dhearadh don mheasúnú múnlaitheach agus don mheasúnú suimitheach.

Forbraíonn múinteoirí úsáid eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha i dteannta a chéile chun sonraí ábhartha ar fhoghlaim na ndaltaí a bhailiú, a chomhroinnt agus a léirmhíniú, agus cuireann siad an úsáid eiticiúil sin i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an mbainistiú sonraí agus chun eolas a chur ar fáil do chleachtais an mheasúnaithe mhúnlaithigh agus shuimithigh sa scoil uile.

Baineann múinteoirí, i dteannta a chéile, úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun réimse de chleachtais dhílse chuí a dhearadh don mheasúnú múnlaitheach agus don mheasúnú suimitheach a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal scoile uile.

4.4 Cuireann múinteoirí le hinniúlacht na foirne uile trína gcuid saineolais a chomhroinnt

Bíonn múinteoirí ag obair as lámha a chéile le cinneadh conas is féidir teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú.

Tugann múinteoirí treoir agus tacaíocht do chomhghleacaithe laistigh den scoil chun fís choiteann a fhorbairt ar conas is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha feabhas a chur ar dheiseanna foghlama do gach dalta.