Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to
experience the DLF website perfectly.

CFD d’Iar-bhunscoileanna

Roghnaigh an rogha thíos

1. An Fhoghlaim Agus An Teagasc A Threorú

1.1 Cultúr feabhais, comhoibrithe, nuálaíochta agus cruthaitheachta a chur chun cinn san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú

Spreagann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil na múinteoirí chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le feabhas a chur ar a gcleachtais foghlama, teagaisc agus measúnaithe, agus chun a gcleachtas a chomhroinnt.

Cuimsítear le próiseas féinmheastóireachta na scoile fís agus ráiteas misin ina léirítear go soiléir an acmhainneacht a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha chun feabhas a chur ar an bhfoghlaim, ar an teagasc agus ar an measúnú.

Tá comhthuiscint ag an bpríomhoide agus ag ceannairí eile sa scoil ar an bhfáth agus ar an gcaoi a bhfuil an scoil ag iarraidh teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú, agus déanann siad forbairt beartas agus cleachtas éifeachtach a stiúradh chun tacú le comhtháthú na teicneolaíochta.

Spreagann siad úsáid na teicneolaíochta digití chun an nuálaíocht agus an chruthaitheacht a chothú, agus cuireann siad an úsáid sin chun cinn. Aithníonn siad a luachmhaire atá cuidiú agus gnóthachtáil daoine, ar bhonn an duine aonair agus lena chéile.

Bíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil ag súil go leabódh na múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha ina gcleachtais foghlama, teagaisc agus measúnaithe agus go n-éascóidís comhroinnt a gcleachtas, agus spreagann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil na múinteoirí chun é sin a dhéanamh.

Baineann an príomhoide, mar aon leo siúd atá ag stiúradh an phróisis, úsáid as SSE go héifeachtach chun teicneolaíochtaí digiteacha a leabú ar bhealach spéisiúil dúshlánach agus le cur ar chumas na ndaltaí ar fad a bheith ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha spreagtha.

Stiúrann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil forbairt beartas agus cleachtas éifeachtach chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an gcruthaitheacht, agus leabaíonn siad teicneolaíochtaí digiteacha i ngach gné den fhoghlaim, den teagasc agus den mheasúnú.

Cuireann siad ar chumas múinteoirí ar bhonn scoile uile machnamh criticiúil a dhéanamh ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha agus triail a bhaint as na teicneolaíochtaí sin, measúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht a n-úsáidte, agus athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéisí teagaisc dá réir sin.

1.2 Tiomantas don chuimsiú, comhionannas deiseanna agus forbairt iomlánaíoch gach dalta a chothú

Tá córais éifeachtacha ag an bpríomhoide agus ag ceannairí eile sa scoil chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar fhorbairt na ndaltaí. Aithníonn siad gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tacú leis an monatóireacht chórasach chun cabhrú le daltaí a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach.

Glacann an scoil bearta chun teicneolaíochtaí digiteacha agus oiriúnaitheacha cuí a úsáid chun folláine fhisiciúil, shíceolaíoch agus shóisialta na bhfoghlaimeoirí a chosaint agus a chinntiú.

Tuigeann an scoil gur féidir deighiltí a theacht chun cinn mar thoradh ar an rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha agus tuigeann an scoil conas is féidir le dálaí sóisialta agus geilleagracha na ndaltaí dul i gcion ar an gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht.

Tá córais an-éifeachtach bunaithe ar an teicneolaíocht i bhfeidhm ag an bpríomhoide agus ag ceannairí eile sa scoil chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar fhorbairt na ndaltaí. Cinntíonn siad go n-úsáidtear na córais sin chun cabhrú le daltaí a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach.

Cuireann an scoil ar chumas múinteoirí agus foghlaimeoirí rioscaí a bhainistiú agus teicneolaíochtaí digiteacha agus oiriúnaitheacha cuí a úsáid chun tacú lena bhfolláine shóisialta, shíceolaíoch agus fhisiciúil féin.

Tuigeann an scoil an riosca a bhaineann leis na héagothroimí a bhraitheann daltaí faoi mhíbhuntáiste a dhéanamh níos measa, agus cinntítear go bhfuil bearta speisialta i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais na ndaltaí sin.

1.3 Pleanáil agus cur i bhfeidhm an churaclaim a bhainistiú

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil curaclam leathan cothromaithe a phleanáil agus a chur i bhfeidhm ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha a chuireann deiseanna nua foghlama ar fáil.

Bíonn siad tiomanta do chinntiú go ndéantar curaclam na scoile a chur i bhfeidhm ar bhealach ina soláthraítear eispéiris foghlama luachmhara a bhfuil mar aidhm leo leas a bhaint as féidearthachtaí na dteicneolaíochtaí digiteacha.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil curaclam leathan cothromaithe a phleanáil agus a chur i bhfeidhm ina leabaítear teicneolaíochtaí digiteacha lena dtacaítear le cumarsáid, comhoibriú,
Creat Foghlama Digití d’Iar-bhunscoileanna comhchruthú eolais agus rannpháirtíocht shibhialta.

Cinntíonn siad go diongbháilte go bhfuil úsáid teicneolaíochta digití á leabú ar fud churaclam na scoile trína mbíonn gach dalta rannpháirteach in eispéiris foghlama luachmhara.

1.4 Forbairt ghairmiúil múinteoirí a chothú chun cur le foghlaim na múinteoirí agus na ndaltaí

Tacaíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil le forbairt ghairmiúil leanúnach na múinteoirí chun inniúlacht múinteoirí a fhorbairt in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le teagasc agus le foghlaim ar ardchaighdeán.

Tacaíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil le forbairt ghairmiúil leanúnach na múinteoirí, agus cuireann siad an fhorbairt ghairmiúil leanúnach sin chun cinn, chun inniúlacht múinteoirí a fhorbairt in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha as a dtagann teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán.

2. An Eagraíocht a Bhainistiú

2.1 Timpeallacht foghlama atá eagraithe, sábháilte agus sláintiúil a chur ar bun, agus an timpeallacht sin a chothú trí chumarsáid éifeachtach

Cinntíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus cosaintí cuí i bhfeidhm le cosaint phríobháideacht an duine aonair, na rúndachta agus úsáid shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí a chinntiú le haghaidh gach aon duine de phobal na scoile.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil maoirseacht ar bheartais, nósanna imeachta agus cosaintí cuí agus ábhartha a chur i bhfeidhm, a chur in iúl agus a athbhreithniú maidir le cosaint phríobháideacht an duine aonair, na rúndachta agus úsáid shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí le haghaidh gach aon duine de phobal na scoile.

Resources

2.2 Acmhainní daonna, fisiciúla agus airgeadais na scoile a bhainistiú chun eagraíocht foghlama a chruthú agus a chothú

Cinntíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil go bhfuil próisis i bhfeidhm maidir le soláthar, cothabháil, idir-inoibritheacht agus slándáil an bhonneagair dhigitigh le haghaidh foghlaim, teagasc agus measúnú éifeachtach.

Cinntíonn an bord bainistíochta soláthar agus cothabháil acmhainní agus trealamh an teagaisc dhigitigh ar chaighdeán ard.

Rinneadh spásanna foghlama fisiciúla a dhearadh nó a chur in oiriúint chun tairbhe a bhaint as úsáid raon teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim agus an úsáid sin a bharrfheabhsú.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil athbhreithniú, pleanáil agus maoirsiú straitéiseach ar sholáthar, cothabháil, idir-inoibritheacht agus slándáil an bhonneagair dhigitigh le haghaidh foghlaim, teagasc agus measúnú éifeachtach.

Cinntíonn an bord bainistíochta soláthar agus cothabháil acmhainní agus trealamh an teagaisc dhigitigh ar chaighdeán an-ard.

Rinneadh spásanna foghlama fisiciúla a dhearadh nó a chur in oiriúint chun tairbhe a bhaint as úsáid raon teicneolaíochtaí digiteacha agus an úsáid sin a bharrfheabhsú, chun go mbeidh rochtain ar réimse leathan uirlisí digiteacha ábhartha, ábhair agus seirbhísí i suíomhanna foghlama ar féidir iad a chumrú ar bhealach solúbtha.

2.3 Cásanna casta dúshlánacha a bhainistiú ar bhealach ina léirítear an comhionannas, an chothroime agus an ceartas

Agus beartais maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha á gcur i bhfeidhm, aithníonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil cásanna dúshlánacha nuair a thagann siad chun cinn agus bíonn réitigh shásúla á lorg acu ar na fadhbanna sin.

Cothaíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil dearcadh dearfach i leith úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, agus spreagann siad idirghníomhaíochtaí measúla ar gach leibhéal laistigh de phobal na scoile.

Agus beartais maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha á gcur i bhfeidhm, bíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil eolach ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith dúshlánach. Bíonn siad ag saothrú go réamhghabhálach agus go héifeachtach chun na cásanna sin a bhainistiú, agus glacann siad cur chuige atá dírithe ar réitigh.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil cultúr láidir den tsaoránacht dhigiteach a léiriú agus a fhorbairt ina gcothaítear cómhuinín agus cuntasacht chomhroinnte le idirghníomhaíochtaí measúla ar gach leibhéal laistigh de phobal na scoile.

2.4 Córas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cuntasacht agus freagracht ghairmiúil a chur chun cinn

Cinntíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil go gcuimsítear úsáid éifeachtach teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú in athbhreithniú na múinteoirí ar a gcleachtas féin.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil cultúr a chur chun cinn d’athbhreithniú aonair agus comhoibríoch ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú, mar chuid de phróiseas éifeachtach i leith na cuntasachta gairmiúla.

3. Forbairt na Scoile a Threorú

3.1 Fís threorach na scoile a chur in iúl, agus cur i gcrích na físe sin a stiúradh

Bíonn an bord bainistíochta agus an príomhoide réamhghníomhach maidir le fís i leith úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chur in iúl, faoi mar atá léirithe sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna. Cuirtear an fhís sin in iúl go gníomhach go hinmheánach agus do phobal níos leithne na scoile.

Cuireann an bord bainistíochta agus an príomhoide fís in iúl ina leabaítear úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, faoi mar atá léirithe sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna.

Tá próisis chuí i bhfeidhm ag an scoil seo chun an fhís a chur in iúl go hinmheánach agus go seachtrach maidir le leabú teicneolaíochtaí digiteacha agus na tairbhí a bhaineann leis sin.

Resources

3.2 Rannpháirtíocht na scoile a stiúradh i bpróiseas leanúnach féinmheastóireachta

Cuimhnítear ar úsáid na teicneolaíochta digití agus leabaítear í nuair is cuí ar fud phróiseas féinmheastóireachta na scoile.

Bíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil ar an eolas faoi athruithe sa teicneolaíocht, agus cinntíonn siad go mbíonn feabhas intomhaiste agus inaitheanta ar thorthaí na bhfoghlaimeoirí mar thoradh ar bhearta atá á gcur i bhfeidhm de réir an phlean feabhsaithe scoile.

3.3 Caidrimh a chruthú agus a chothú le tuismitheoirí, le scoileanna eile agus leis an bpobal i gcoitinne

Tá straitéis fhollasach cumarsáide i bhfeidhm sa scoil, ina sainaithnítear agus ina n-úsáidtear láithreáin gréasáin agus líonraí sóisialta, chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le pobal uile na scoile.

Úsáideann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil teicneolaíochtaí digiteacha chun feabhas a chur ar chumarsáid na heagraíochta le foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus tríú páirtithe, rud a fhágann go mbíonn na nósanna imeachta riaracháin níos trédhearcaí agus níos inrochtana.

Tá siad tiomanta don chomhoibriú agus don mhalartú eolais trí chomhpháirtíochtaí le scoileanna eile, eagraíochtaí seachtracha, an tionscal agus an pobal i gcoitinne, á éascú agus á chothú de réir mar is cuí le teicneolaíochtaí digiteacha.

Tá láithreacht dhigiteach dhinimiciúil ag an scoil ar a ndéantar nuashonrú rialta agus a bhíonn in úsáid ag an scoil agus ag pobal na scoile chun leas a bhaint as comhoibriú, comhroinnt, cumarsáid agus foghlaim ar líne.

Úsáideann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil feidhmeanna leabaithe na n-uirlisí riaracháin chun machnamh agus anailís a dhéanamh ar riachtanais foghlama agus dul chun cinn foghlaimeoirí aonair agus chun tuiscint níos fearr a fháil orthu sin.

Cruthaíonn agus cothaíonn an scoil comhpháirtíochtaí comhoibríocha nuálacha le scoileanna eile, eagraíochtaí seachtracha, an tionscal agus an pobal i gcoitinne ar bhealach gníomhach, agus déanann an scoil na comhpháirtíochtaí sin a éascú agus a chothú de réir mar is cuí le teicneolaíochtaí digiteacha.

3.4 Athrú a bhainistiú, a threorú agus a stiúradh chun freagairt do riachtanais athraitheacha na scoile agus d’athruithe san oideachas

Baineann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil leas as an mbeartas náisiúnta agus as forbairtí teicniúla, agus tuigeann siad cé chomh hábhartha is atá siad sin don scoil.

Baineann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil leas as taighde, as an mbeartas náisiúnta agus as forbairtí teicniúla, agus cuireann siad iad féin in oiriúint go réamhghníomhach d’athruithe ar an gcomhthéacs nó ar an timpeallacht bheartais.

4. Cumas Ceannaireachta a Fhorbairt

4.1 Critíc a dhéanamh ar a gcleachtas féin mar cheannairí agus a dtuiscint a fhorbairt ar an gceannaireacht éifeachtach inbhuanaithe

Cinntíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil go bhfuil córais teicneolaíochta i bhfeidhm chun tacú leis na cleachtais oideolaíochta dhigiteacha laistigh den scoil.

Ceistíonn siad a gcleachtas féin maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha trí phróisis mhachnaimh phearsanta agus sainaithníonn siad réimsí dá gcleachtas ar gá feabhas a chur orthu.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil machnamh agus measúnú grinn ar na cleachtais oideolaíocha dhigiteacha laistigh den scoil, agus déanann siad na cleachtais sin a fhorbairt go gníomhach.

Forbraíonn siad féinfheasacht trína gcleachtas féin a cheistiú maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha trí mhachnamh pearsanta agus comhoibríoch. Aithníonn siad réimsí dá gcleachtas inar gá feabhas a dhéanamh agus bíonn siad ag obair orthu sin.

4.2 Baill foirne a chumasú chun róil cheannaireachta a ghlacadh agus a dhéanamh

Spreagann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil na múinteoirí chun róil cheannaireachta a ghlacadh agus chun úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a stiúradh don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú, agus bítear sásta freagrachtaí móra ceannaireachta a roinnt.

Forbraíonn siad struchtúir eagraíochtúla chun comhroinnt na gcleachtas agus meantóireacht piaraí a éascú agus a spreagadh in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú.

Aithníonn siad deiseanna don fhoireann chun rannpháirtíocht ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas chun cumas digiteach agus úsáid nuálach a neartú agus páirt a ghlacadh sa taighde, agus tacaíonn siad leis na deiseanna sin.

Spreagann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil obair foirne i ngach gné de shaol na scoile. Cruthaíonn agus spreagann siad grúpaí foirne agus meithleacha i measc na mball foirne chun forbairtí a stiúradh in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú, rud a neartaíonn an cumas ceannaireachta.

Déanann siad clár meantóireachta éifeachtach a sholáthar agus a bhainistiú chun tacú le múinteoirí i róil nua agus chun cumas ceannaireachta na meantóirí a fhorbairt in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú.

Aithníonn siad deiseanna don fhoireann chun cleachtais nuálacha a chomhroinnt agus páirt a ghlacadh i dtaighde ag a bhfuil tionchar gníomhach ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú agus tacaíonn siad leis na deiseanna sin.

4.3 Forbairt ghuth na ndaltaí agus na ceannaireachta i measc daltaí a chur chun cinn agus a éascú

Bíonn meas ag an bpríomhoide agus ag ceannairí eile sa scoil ar thuairimí na ndaltaí agus tacaíonn siad le rannpháirtíocht na ndaltaí sa chaoi ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú lena bhfoghlaim.

Bíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil ag súil go mbíonn daltaí ag gníomhú mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha agus spreagann siad iad chun é sin a dhéanamh. Meastar gur comhdhearthóirí iad na daltaí den phróiseas foghlama, ag baint leas as réimse teicneolaíochtaí digiteacha.

4.4 Líonraí gairmiúla a chruthú le ceannairí scoileanna eile

Bíonn an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil ag gabháil d’idirphlé gairmiúil lena gcomhghleacaithe agus le comhlachtaí náisiúnta ábhartha maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú. Déanann siad iarracht an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i bhfeidhm ina gcleachtas.

Déanann an príomhoide agus ceannairí eile sa scoil rannpháirtíocht le líonraí gairmiúla do cheannairí agus do bhainisteoirí scoile go háitiúil agus go hidirnáisiúnta a fhorbairt agus a shíneadh go gníomhach. Leabaíonn siad foghlaim ó na líonraí sin i gcleachtais foghlama, teagaisc agus measúnaithe ar fud na scoile.